1 / 40

An t-eagarthóir: Niall Ó Dónaill

Oisín i dTír na nÓg. An t-eagarthóir: Niall Ó Dónaill. Tháinig laoch mór dathúil go Gleann na Smól ar chapall bán. Chonaic an laoch slua fear ag iarraidh cloch mhór a bhogadh. Tháinig fear de na fir agus d’iarr sé ar an laoch láidir dathúil cabhrú leo.

lok
Download Presentation

An t-eagarthóir: Niall Ó Dónaill

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. Oisín i dTír na nÓg An t-eagarthóir: Niall Ó Dónaill

  2. Tháinig laoch mór dathúil go Gleann na Smól ar chapall bán.

  3. Chonaic an laoch slua fear ag iarraidh cloch mhór a bhogadh.

  4. Tháinig fear de na fir agus d’iarr sé ar an laoch láidir dathúil cabhrú leo.

  5. Chaith an fear láidir dathúil an chloch mhór seacht bpéirse as a háit í.

  6. Ach bhris strapa na diallaite agus thit an laoch mór dathúil ar an talamh…

  7. D’imigh an capall leis ar nós na gaoithe…

  8. Agus rinneadh seanfhear críonna den laoch dathúil…

  9. Tugadh an seanfhear críonna i láthair Phádraig Naofa.

  10. Cé tú féin? Is mé Oisín i ndiaidh na féinne.

  11. Chaill mé m’áilleacht agus tá mé i mo sheanduine bocht dall anois!

  12. Ná bí buartha, a Oisín uasal, ach inis dom conas a tharla go bhfuil tusa beo fós i ndiaidh na féinne?

  13. Maidin cheomhar bhí na fianna ag seilg in aice le loch Léin nuair a thug siad faoi deara cailín álainn ag teacht ina dtreo ar chapall bán….

  14. Nuair a chonaic Fionn an bhean thuig sé gur ríon óg a bhí inti… Cé tú féin, a ríon óg!

  15. Niamh Chinn Óir is ainm dom as Tír na nÓg.. táim anseo le grá do do mhac Oisín

  16. Leis sin tháinig Oisín i láthair na mná óige agus chuir sé a lámh ina lámhsa… Fíorchaoin fáilte romhat , a ríon álainn óg!

  17. Cuirim faoi gheasa ort, a Oisín, teacht liom go dtí Tír na nÓg.

  18. Rachaidh mé leat gan amhras mar is tusa an cailín domsa!

  19. Ansin shuigh Niamh chun tosaigh ar Oisín sa diallait agus thráigh an fharraige rompu.

  20. I dtosach báire chuaigh siad ar an chapall bán go dtí tír ag dún Rí na mbeo.

  21. Fómhar Builleach Áit ina raibh iníon Rí na mBeo ina príosúnach ag an bhfathach, Fómhar Builleach.

  22. Bhain Oisín an ceann den bhfathach, Fómhar Builleach, agus lig sé saor iníon Rí na mBeo. Húraaa!

  23. Ansin tháinig siad go dtí Tír na nÓg….

  24. Agus tugtar Niamh agus Oisín i láthair Rí agus Banríon Thír na nÓg.

  25. Chaith siad deich lá agus deich oíche ag déanamh fleá agus féasta...

  26. Fionn Oscar Le himeacht aimsire rugadh beirt mhac...

  27. Fionn Oscar … agus iníon álainn darb ainm Plúr na mBan. Plúr na mBan

  28. Tar éis tamaill fhada thosaigh Oisín ag cronú uaidh na Fianna agus tír na hÉireann.

  29. Ní raibh Niamh ró-shásta ach faoi dheireadh thug sí an capall bán dó chun filleadh go hÉirinn. Thug sí rabhadh dó faoi thrí…

  30. Má chuireann tú cos ar thalamh na hÉireann ní thiocfaidh tú ar ais go Tír na nÓg go deo arís!

  31. D’fhág Oisín slán ag Niamh agus thug sé a aghaidh ar thír na hÉireann…

  32. Casadh marcshlua air agus d’fhriafraigh sé díobh an raibh Fionn beo…

  33. Níor chualamar ach seanchas airsean agus ar na Fianna ó lucht scéalaíochta!

  34. Ansin chuaigh Oisín go dtí Almhain áit ina raibh Teach Fhinn ach…. Almhain Hill Of Allen Contae Chill Dara

  35. ..ní raibh an teach ann a thuilleadh… Almhain Hill Of Allen Contae Chill Dara

  36. A Phádraig sin duit mo scéal.. Nuair a theagmhaigh mo chos talamh na hÉireann d’éirigh mé i mo sheanduine… lag agus dall..

  37. Tá an t-ádh ort, a Oisín, gur tharla seo duit mar anois gheobhaidh tú Neamh dá bharr!

  38. Ansin thug Naomh Pádraig Oisín timpeall na hÉireann mar theastaigh ó Phádraig seanchas na tíre a chloisteáil uaidh…

  39. Ach nuair a tháinig sé in am dóibh ithe. D’ith Oisín ina aonar mar níor lucht comhaimsire dó na daoine a bhí timpeall air.

  40. Críoch

More Related