170 likes | 428 Views
Ag cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama. Intinní Foghlama. An ról atá ag piarmheasúnú, féinmheasúnú agus féinmheastóireacht a thuiscint i dtaca le cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama Meabhrú ar roinnt straitéisí le húsáid sa seomra ranga.
E N D
Ag cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama
Intinní Foghlama • An ról atá ag piarmheasúnú, féinmheasúnú agus féinmheastóireacht a thuiscint i dtaca le cabhrú le scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama • Meabhrú ar roinnt straitéisí le húsáid sa seomra ranga
Cad chuige an machnamh scoláirí? ‘Nuair nach mbíonn ann ach múinteoir amháin agus tríocha scoláire agus a thagann an t-aiseolas uile ó nó tríd an múinteoir, níl aon seans go soláthrófar go leor aiseolas ardchaighdeáin.’ Ian Smith (2004)
Cad chuige an machnamh scoláirí? • Spreagann foghlaim neamhspleách • - (gníomhach | cumhachtaithe | féintuilleamaíoch) • Méadaíonn féinmhuinín scoláirí • Forbraíonn an cumas chun cáilíocht a aithint • Feabhsaíonn tuiscint scoláirí
Cad chuige an machnamh scoláirí? • Bíonn an t-aiseolas i dteanga a úsáideann na scoláirí eatarthu féin • Treisíonn sé guth na scoláirí sa seomra ranga • Tugann aiseolas luachmhar dóibh agus dúinne
An difríocht idir mheasúnú agus meastóireacht • Measúnú • Cuireann sé síos ar ghníomhaíochtaí a chabhraíonn le foghlaimeoirí machnamh ar CAD atá foghlamtha acu agus é a mheas in éadan gnéithe cáilíochta • Meastóireacht • Cuireann sé síos ar an bpróiseas a úsáideann foghlaimeoirí chun tuiscint a fháil ar CONAS atá siad ag foghlaim – baineann sé le tuiscint bheith acu orthu féin mar fhoghlaimeoirí
An difríocht idir cheartú agus measúnú ‘Is mó go mór ná seiceáil le haghaidh earráidí nó laigí é bheith ag tabhairt faoi phiar- agus féinmheasúnú. Baineann sé le bheith ag rá go soiléir rud a bhíonn intuigthe de ghnáth agus mar sin de tugann sé ar an scoláire bheith níos gníomhaí ina chuid foghlama. Éiríonn na scoláirí níos eolaí ar cén uair a bhíonn siad ag foghlaim agus cén uair nach mbíonn.’ - Black & Wiliam: Working Inside the Black Box
Scoláirí a ullmhú • Roinn intinní foghlama agus gnéithe cáilíochta • Samhaltaigh na próisis mheasúnaithe agus aiseolais • - Triail gníomhaíochtaí measúnaithe grúpa • - Úsáid an próiseas aiseolais chun a léiriú conas tabhairt faoi • - Úsáid ceistiúchán éifeachtach • Cruthaigh an t-atmaisféar ceart • - Spreag oscailteacht faoin bhfoghlaim • - Leag síos ionchais don obair ghrúpa.
An Lá Liath Chroch an lá os ár gceann mar a bheadh braillín fhliuch ann. Rois na carranna thart ar an mótarbhealach amhail mirlíní a caitheadh trasna an urláir. Bhí na duilleoga ar crochadh sna crainn mar a bheadh giotaí tósta spadach ann. Bhí loinnir dhearg agus ór ar na duilleoga ar nós tine. Bhí an talamh fliuch ar nós oighear-rinc dhubh shleamhain. Chroch na scamaill os ár gcionn go han-íseal. Chnag an fhearthainn ar an bhfuinneog mar a bheadh druma á bhualadh. Intinn Foghlama: Samhlacha a úsáid chun atmaisféar a chruthú • Gnéithe cáilíochta: • Gach rud a chur i gcomparáid le rud éigin eile • ‘mar a bheadh’……‘ann’; • amhail’ • ‘chomh’……..‘le’ • ‘amhail is’ A Haon Aimsigh 2 rud a d’éirigh leis an scoláire a dhéanamh ag tagairt do na critéir ratha. A Dó Aimsigh an chuid den obair is mó a bhfuil scóip inti chun feabhas a dhéanamh A Trí Scríobh leid ghairid á rá leis an bhfoghlaimeoir go díreach an rud le déanamh leis an gcuid seo den obair s’aige. An féidir smaoineamh ar shamhail chun cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a raibh na scamaill ar crochadh nó ag bogadh?
An Lá Liath Chroch an lá os ár gceann mar a bheadh braillín fhliuch ann. Rois na carranna thart ar an mótarbhealach amhail mirlíní a caitheadh trasna an urláir. Bhí na duilleoga ar crochadh sna crainn mar a bheadh giotaí tósta spadach ann. Bhí loinnir dhearg agus ór ar na duilleoga ar nós tine. Bhí an talamh fliuch ar nós oighear-rinc dhubh shleamhain. Chroch na scamaill os ár gcionn go han-íseal. Chnag an fhearthainn ar an bhfuinneog mar a bheadh druma á bhualadh. Intinn Foghlama: Samhlacha a úsáid chun atmaisféar a chruthú Gnéithe cáilíochta: Gach rud a chur i gcomparáid le rud éigin eile ‘mar a bheadh’……‘ann’; amhail’ ‘chomh’……..‘le’ ‘amhail is’ A ceathair… go leor ama a thabhairt dóibh chun an t-ábhar a léamh agus a phróiseáil agus chun freagairt dó. An féidir smaoineamh ar shamhail chun cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a raibh na scamaill ar crochadh nó ag bogadh? ‘Ghluais na scamaill os mo chionn ar nós báid ar an bhfarraige’
Smaointe eile • Soilse Tráchta • Ordóga in Airde • Scála1 – 5 • Eagraithe grafacha
Féinmheasúnú Féinmheasúnú déanann scoláirí machnamh ar cad atá foghlamtha acu Féinmheastóireacht déanann scoláirí machnamh ar conas a d’fhoghlaim siad Luathdheiseanna le haghaidh forbartha Féinmheasúnú úsáideann scoláirí gnéithe cáilíochta chun a gcuid oibre féin a mheas sula marcálfaidh an múinteoir í Féinmheastóireacht úsáideann scoláirí ceisteanna féinmheastóireachta chun machnamh a spreagadh le linn seisiúin ghairide iomlánacha
Leideanna féideartha don fhéinmheastóireacht • Ba é an rud ba thábhachtaí a d’fhoghlaim mé … • Ba í an dóigh ar fhoghlaim mise … • Ba é an rud a chonacthas dom bheith deacair … • Ba é an rud is mó a thaitin liom … • Is é an rud ar mhaith liom níos mó eolais a fháil air… • Is é an rud a bhfuil níos mó cúnaimh uaim leis … • Is é an rud fós a chuireann mearbhall orm …
Leideanna féideartha don fhéinmheastóireacht… • Is é an rud is mó a chuir ionadh orm … • Is é an rud a d’fhoghlaim mé atá nua … • Is é an rud a chabhraigh liom nuair a d’éirigh cúrsaí casta… • Is é an rud a chuir ag smaoineamh mé dáiríre … • B’fhéidir gur mó a d’fhoghlaimeoinn dá … • Is é a d’athróinn sa ghníomhaíocht seo chun cabhrú le rang eile foghlaim níos fearr …
Leideanna féinmheastóireachta Cad a mheas tú a bhí furasta faoi bheith ag foghlaim conas …? Cén rud a bhfuil níos mó cabhrach uait leis? Cad is féidir leat a dhéanamh anois nach bhféadfá a dhéanamh roimhe? Cad a thug ort smaoineamh go dáiríre? Cad is mó a thaitin leat? Is é an rud is tábhachtaí a d’fhoghlaim tú …
Straitéisí a mholtar chun cabhrú leis an bpróiseas • Déan gnáthamh de • Tabhair an t-eolas do na foghlaimeoirí a theastaíonn uathu • Coimeád éagsúil é • Cuir san áireamh é sa phleanáil • Dírigh ar na láidreachtaí • Déan cinnte de go n-aithnítear an treo atá faoi • Mínigh do na tuismitheoirí é