1 / 14

An t- Earrach

An t- Earrach. Gaelscoil Sáirséal 2009. An t- Earrach. Is iad Feabhra, Márta agus Aibreán míonna an Earraigh. Feabhra. Márta. Aibreán. Gaelscoil Sáirséal 2009. An t- Earrach. Dúisíonn na hainmhithe tar éis an codladh fada geimhridh. Gaelscoil Sáirséal 2009. An t- Earrach.

cameo
Download Presentation

An t- Earrach

An Image/Link below is provided (as is) to download presentation Download Policy: Content on the Website is provided to you AS IS for your information and personal use and may not be sold / licensed / shared on other websites without getting consent from its author. Content is provided to you AS IS for your information and personal use only. Download presentation by click this link. While downloading, if for some reason you are not able to download a presentation, the publisher may have deleted the file from their server. During download, if you can't get a presentation, the file might be deleted by the publisher.

E N D

Presentation Transcript


  1. An t-Earrach Gaelscoil Sáirséal 2009

  2. An t-Earrach Is iad Feabhra, Márta agus Aibreán míonna an Earraigh Feabhra Márta Aibreán Gaelscoil Sáirséal 2009

  3. An t-Earrach Dúisíonn na hainmhithe tar éis an codladh fada geimhridh. Gaelscoil Sáirséal 2009

  4. An t-Earrach Filleann na héin ón aimsir the san Aifric. Gaelscoil Sáirséal 2009

  5. An t-Earrach Tosaíonn na plandaí agus na crainn ag fás arís. Gaelscoil Sáirséal 2009

  6. Na Crainn I dtosach an Earraigh bíonn na crainn lom. Ní bhíonn aon rud ag fás ar na géaga. Ag deireadh an Earraigh bíonn duilleoga móra deasa ag fás ar na géaga ar fad. I lár an Earraigh tosaíonn bachlóga beaga ag fás ar na géaga. Gaelscoil Sáirséal 2009

  7. Na Bláthanna Bíonn na bleibíní ina gcodladh faoin dtalamh i rith an gheimhridh. Nuair a théann an aimsir i bhfeabhas san Earrach dúisíonn siad agus tosaíonn siad ag fás. Gaelscoil Sáirséal 2009

  8. Bláthanna an Earraigh Cróch Plúirín Sneachta Lus an Chromchinn Gaelscoil Sáirséal 2009

  9. An t-Earrach Tar éis laethanta gruama dorcha an gheimhridh tosaíonn an aimsir ag dul i bhfeabhas agus éiríonn na laethanta níos faide san Earrach. Gaelscoil Sáirséal 2009

  10. Féilte an Earraigh Céiliúrann muintir na hÉireann Lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí Feabhra, céad lá an Earraigh. Bean cineálta naofa ab ea í Bríd a chabhraigh leis na daoine bochta agus a scaip scéal Íosa timpeall na hÉireann. Déanaimid crois Bhríde ina honóir. Gaelscoil Sáirséal 2009

  11. Féilte an Earraigh Céiliúraimid Lá ‘le Vailintín ar an 14ú Feabhra gach bliain. Is féile grá an lá seo agus seolann daoine cártaí vailintín dá chéile chun a ngrá a chur in iúl. Gaelscoil Sáirséal 2009

  12. Féilte an Earraigh Céiliúraimid Lá ‘le Pádraig ar an 17ú Márta gach bliain. Is féile Gaelach an lá seo agus céiliúraimid Naomh Pádraig, an fear a thug scéal Íosa go hÉirinn i dtosach. Gaelscoil Sáirséal 2009

  13. Féilte an Earraigh Bíonn an Cháisc i gcónaí i rith an Earraigh. Déanaimid céiliuradh ar bás agus aiséirí Críost um Cháisc. Tugann daoine uibheacha Cásca dá chéile. Gaelscoil Sáirséal 2009

  14. Féilte an Earraigh Céiliúraimid Lá na nAmadán ar an gcéad lá de mhí Aibreán. Imríonn daoine cleasanna ar a chéile ar an lá sin. Lá mór spraoi is ea é. Gaelscoil Sáirséal 2009

More Related